Page 1 of 1

Module Code - Title:

GA4006 - An Ghaeilge Ghairmiuil

Year Last Offered:

2023/4

Hours Per Week:

Lecture

1

Lab

0

Tutorial

2

Other

0

Private

7

Credits

6

Grading Type:

PF

Prerequisite Modules:

Rationale and Purpose of the Module:

Modúl roghnach sa Ghaeilge ghairmiúil a thairiscint do mhic léinn na gclár oideachais múinteoirí in Ollscoil Luimnigh. Táthar ag súil le cumas teangeolaíochta agus cultúrtha na mac léinn a fhorbairt sa chaoi is go mbeidh siad in ann a n-ábhair roghnacha a mhúineadh go cumasach trí Ghaeilge ag gach leibhéal in iarbhunscoileanna lánGhaeilge. Dírítear ar mhic léinn OTM a ullmhú don bhéalscrúdú Teastas Gaeilge do mhúinteoirí Iarbhunscoile agus ar a gcumas teanga i réimsí a mbaineann leis an saol scoile ach go háirithe a fhorbairt .i. bainisteoireacht ranga, caidreamh le múinteoirí eile, le tuismitheoirí agus le páirtithe leasmhara an oideachais. Táthar ag súil leis go mbeidh cur amach teoiriciúil agus praiticiúil ag na mic léinn mar gheall ar conas an oideachas dátheangach a chothú. Dírítear ar fhoghlaim ghairmiúil na múinteoirí faoi oiliúint agus spreagtar iad chun a bheith ag machnamh ar tabhairt faoin socrúchán scoile in earnáil an Ghaeloideachais. Freastlaíonn an modúl seo ar riachtanais fhoirne iarbhunscoileanna earnáil an Ghaeloideachais. Cuireann an modúl seo le líon na gcéimithe ó chláir OTM a bhíonn inniúil ar mhúineadh trí Ghaeilge agus cuirtear le hinfhostaíocht na gcéimithe féin chomh maith.

Syllabus:

Cuimseoidh an siollabas an clár staidéir faofa don Teastas Gaeilge do mhúinteoirí Iar-bhunscoile. Ar na téamaí eile siollabais tá: acmhainní teagaisc agus foghlama do mhúineadh na n-ábhar trí mheán na Gaeilge; An Fráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha; téarmaíocht agus tacaíochtaí do na hábhair phraiticiúla sa Ghaeilge; an múinteoir ábhar mar mhúinteoir teanga; cruinneas teanga; caidrimh ghairmiúla; cleachtadh ar phlé a dhéanamh ar chleachtais phleanála, ar chleachtais mheasúnaithe, ar chleachtas cruthaitheach agus machnamhach, ar scileanna digiteacha, agus ar chúrsaí litearthachta agus uimhearthachta trí mheán na Gaeilge; buncheisteanna a ghabhann leis an oideachas dátheangach agus an tumoideachas in Éirinn; an taighde atá ag dul ar aghaidh sa ghort; CLIL; féiniúlacht ghairmiúil mhúinteoirí an tumoideachais, agus múinteoirí mar thaighdeoirí.

Learning Outcomes:

Cognitive (Knowledge, Understanding, Application, Analysis, Evaluation, Synthesis)

Ar chríochnú rathúil an mhodúil seo, beidh an múinteoir faoi oiliúint in ann: (1) leagan Gaeilge de curriculum vitae a dhréachtadh agus leagan Gaeilge d'fhoirm iarratais ar phost mar mhúinteoir a chomhlíonadh. (2) cáipéisí pleanála agus acmhainní dá (h)ábhar a dhearadh agus a eagrú. (3) cur i láthair éifeachtach a dhéanamh ag bréagagallamh do phost mar mhúinteoir in earnáil an Ghaeloideachais agus téamaí mar chleachtais mheasúnaithe, oideachas ionchuimsitheach, oideachas saorántachta domhanda agus caidreamh gairmiúil a phlé. (4) cumas a léiriú i réimsí teanga a mbaineann leis an saol gairmiúil mar mhúinteoir agus le féiniúlacht ghairmiúil agus an cleachtas cruthaitheach agus machnamhach ach go háirithe.

Affective (Attitudes and Values)

Ar chríochnú rathúil an mhodúil seo, beidh an múinteoir faoi oiliúint in ann: (1) fiúntas acmhainní teagaisc agus foghlama, teicneolaíochtaí, agus na tacaíochtaí atá ar fáil dá sainábhar i nGaeilge a mheas (2) buntáiste na Gaeilge don iarratasóir ar phost múinteoireachta a thuiscint agus plean structúrtha don fhoghlaim fhéinriartha leanúnach a leagan amach do bhliain dheireanach na céime agus don bhliain sa Droichead ina dhiaidh sin arís.

Psychomotor (Physical Skills)

Ar chríochnú rathúil an mhodúil seo, beidh an múinteoir faoi oiliúint in ann: Ní bhaineann le hábhar

How the Module will be Taught and what will be the Learning Experiences of the Students:

Cuirtear an modúl i láthair trí cheardlanna teanga agus teagmháil le haoichainteoirí, eagraíochtaí, taighdeoirí sa ghort agus páirtithe leasmhara an tumoideachais. Spreagtar an múinteoir faoi oiliúint chun machnamh a dhéanamh ar a chleachtas, mar úsáideoir agus mar eiseamláir teanga sa seomra ranga agus bearnaí ina cuid eolais a aithint agus a a thabhairt chun feabhais. Leantar múnla chomhráite gairmiúla sna ceardlanna agus bítear ag súil leis go mbíonn na múinteoirí faoi oiliúint gníomhach ina gcuid ama féin ag cur lena gcuid eolais ar acmhainní agus ar thacaíochtaí do mhúinteoirí earnáil an Ghaeloideachais agus ag cur le banc acmhainní don socrúchán scoile agus don chleachtas gairmiúil amach anseo.

Research Findings Incorporated in to the Syllabus (If Relevant):

Prime Texts:

Ó Ceallaigh, T. J. agus Ó Laoire, M. (eag.) (2021) An Tumoideachas: Deiseanna agus Dea-chleachtais An Dara Comhdháil Taighde Uile-Oileánda ar an Tumoideachas: Imeachtaí Comhdhála / The Second All-Ireland Research Conference on Immersion Education: Conference Proceedings. ,
Ó Ceallaigh, T.J. agus Ní Chathasaigh, C. (2021) Feasacht teanga an mhúinteora tumoideachais: Préamh agus guairne an chleachtais. Léann Teanga:An Réiviú 9, lgh. 89-102. ,
Ó Ceallaigh, T.J. (2020) Feasacht teanga múinteoirí a nochtadh tríd an Staidéar Ceachta. Taighde agus Teagasc 7, lgh. 171-186. ,
Ó Ceallaigh, T.J., Leavy, A. and Hourigan, M. (2019) Comhtháthú an ábhair agus na teanga i gcomhthéacs an tumoideachais: Múinteoirí faoi oiliúint i mbun éabhlóide tríd an Staidéar Ceachta. COMHARTaighde 5 https://doi.org/10.18669/ct.2... ,
Leavy, A., Hourigan, M. and Ó Ceallaigh, T.J. (2018) Unpacking dimensions of immersion teacher educator identity. Journal of Immersion and Content-Based Language Education DOI: https://doi.org/10.1075/jicb.17026.lea ,
Ó Ceallaigh, T.J., Ní Mhurchú, S. and Ní Chróinín, D. (2016) Balancing content and language in CLIL: The experiences of teachers and learners. Journal of Immersion and Content-Based Language Education, 5(1) 58-86, DOI:10.1075/jicb.5.1.03oce. ,
Pádraig Ó Duibhir . (2018) Immersion Education: Lessons from a Minority Language Context. , Bristol: Multilingual Matters
Ó Floinn, C. (2021) Foghlaim an Dara Teanga: Modhanna agus Tascanna sa Seomra Ranga. , An Spidéal: Cló Iar-Chonnacht.
Ní Chuaig, N. (2016) Iniúchadh ar Chleachtais Litearthachta i gCóras Bunscolaíochta Chatagóir A na Gaeltachta: Cur Chuige Praiticiúil d'Fhorbairt na Scríbhneoireachta. (Tráchtas Dochtúireachta). [https://www.cogg.ie/wp-content/uploads/iniuchadh-ar-chleachtais-litearthachta-i-gcoras-bunscolaiochta-chatagoir-a.pdf] ,
Aonad na Gaeilge (2020) Cúrsa Cruinnis , Pacáiste Teagaisc Inmheánach, Ollscoil Luimnigh

Other Relevant Texts:

Ó Duibhir, P., & Ní Thuairisg, L. (2019) 'An tumoideachas agus soláthar cainteoirí nua [Immersion education and the supply of new speakers]' , Baile Átha Cliath : Cois Life Teo.
Stenson, N. agus Hickey, T. (2019) Tuiscint ar Litriú na Gaeilge - Lámhleabhar do Mhúinteoirí agus d'Fhoghlaimeoirí. , Baile Átha Cliath: An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.

Programme(s) in which this Module is Offered:

Semester - Year to be First Offered:

Spring

Module Leader:

sarah.nidhuinnin@ul.ie